MA134/MA106: Anailís agus Ailgéabar 1
Siollabas agus torthaí foghlama do MA134/MA106 (Anailís agus Ailgéabar 1)
-
1: Uimhirtheoiric Bhunúsach
Siollabas:
- Uimhríocht mhódúlach, Algartam Euclid, feidhmeanna i ndáil le ISBN (Leabharuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta) agus cripteagrafaíocht;
- Fí-feidhm de Euler, Teoirim Bheag Fermat (le cruthú), feidhmeanna i ndáil le cripteagrafaíocht le heochair phoiblí;
- Teoirim Síneach faoin fuílleach.
Torthaí Foghlama:
- Beidh tú in ann leas a bhaint as uimhríocht mhódúlach agus an Fí-fheidhm de Euler le: earráidí i ISBN a aimsiú; teachtaireachta a rúnscríobh le RSA; rúnscríobh fineach aontoiseach a ionsaí; ríomhaireacht le fuílligh Sínigh. Beidh tú in ann cruthúnas Teoirime Bheag Fermat a léiriú.
-
2: Uimhríocht Mhaitríseach
Siollabas:
- Suimiú agus iolrú maitrísí, oibríochtaí rónna, inbhéartú (trí oibríochtaí rónna), córais chothromóidí, feidhmeanna i ndáil le leithdháileadh acmhainní;
- Trasfhoirmiú líneach, feidhmeanna i ndáil le cripteagrafaíocht agus céimseata (geoiméadracht).
Torthaí Foghlama:
- Beidh tú in ann leas a bhaint as maitrísí le: fadhbanna leithdháileadh acmhainní a réitiú; teachtaireachtaí a rúnscríobh le córas fineach iltoiseach; córas rúnscríofa fineach iltoiseach a ionsaí; fadhbanna gheoiméadrach a réitiú.
-
3: Dual-luachanna agus Dualveicteoirí
Siollabas:
- Ríomhaireacht dual-luachanna, dualveicteoirí agus cumhachtaí maitríse, Teoirim Hamilton-Cayley (le cruthú sa chás 2x2);
- Cruthúnas trí h-ionduchtú;
- Seicheamh Fibonacci, cóimheas órga, feidhmeanna i ndáil le fadhbanna atarlaithe praiticiúla.
Torthaí Foghlama:
- Beidh tú in ann leas a bhaint as dual-luachanna, dualveicteoirí agus ionduchtú le fadhbanna atarlaithe praiticiúla agus teoiriciúla a réiteach. Beidh tú in ann Teoirim Hamilton-Cayley a lua agus í a chruthú sa chás 2x2.
-
4: Feidhmeanna leanúnacha
Siollabas
- Bunfheidhmeanna agus a ngraif.
- An fheidhm inbhéartach.
- Teorainneacha.
- An Teoirim Luach Idirmheánach; fréamhacha
cothromóidí.
Torthaí Foghlama
- Ag deireadh an mhodúil seo, beidh an eolas agus na
scileanna agat chun :
- graif de bhunfheidhmeanna a mhíniú agus a
sceitseáil;
- teorainneacha a luacháil ag pointe áirithe nó ag
éigcríoch;
- socrú an bhfuil inbhéarta ag
feidhm áirithe, agus é a fháil amach má
tá;
- an Teoirim Luach Idirmheánach a úsáid
chun réitigh cothromóidí a fháil
amach.
Beidh tú in ann teanga scríofa speisialta na matamaitice
a úsáid chun do chuid smaointe a chur in iúl
go soiléir agus go cruinn.
-
5: Calcalas Difreálach
Siollabas
- Sainmhíniú an dhíorthaigh agus a chiall
fisiciúil. Modhanna difreála. Cruthú go bhfuil
feidhm leanúnach má tá sí
indifreálaithe.
- Teoirim an Mheánluacha; fréamhacha
cothromóidí.
- Uasluachanna agus íosluachanna, méadú
agus laghdú graif chuasacha agus dronnacha; na coincheapanna
seo a úsáid chun graif a sceitseáil go cruinn.
- Fadhbanna Optamúchána.
Torthaí Foghlama
- Ag deireadh an mhodúil seo, beidh an eolas agus na
scileanna agat chun :
- sainmhíniú an dhíorthaigh mar teorann a
úsáid chun díorthach feidhmeanna bunúsach a
fháil amach;
- modhanna difriúla difreála a úsáid
chun díorthaigh éagsúla a fháil amach;
- Teoirim an Mheánluacha a úsáid chum fréamhacha
cothromóidí a fháil amach;
- uasluachanna, íosluachanna agus pointí athchastaí a
aimsiú agus iad a úsáid chun graif a
sceitseáil;
- modhanna difriúla a úsáid chun fadhbanna
optamúchána a réitiú.
Beidh tú in ann teanga scríofa speisialta na matamaitice
a úsáid chun do chuid smaointe a chur in iúl
go soiléir agus go cruinn.
-
6: Frithdhíorthaigh agus cothromóidí difreálacha
Siollabas
- Feidhmeanna easpónantúla agus logartamaigh.
- Frithdhíorthaigh agus cothromóidí difreálacha indeighiltí.
- Fadhbanna fisiciúla a bhaineann le
cothromóidí difreálacha: meath
radaghníomhach agus dinimic pobail mar shamplaí.
Torthaí foghlama
- Ag deireadh an mhodúil seo, beidh an eolas agus na
scileanna agat chun :
- cothromóidí difreálacha bunúsacha
éagsúla a réitiú go ginearálta;
- cothromóidí difreálacha a úsáid chun
fadhbanna réadúla áirithe a
mhíniú go matamaiticiúl agus a
réitiú.
Beidh tú in ann teanga scríofa speisialta na matamaitice
a úsáid chun do chuid smaointe a chur in iúl
go soiléir agus go cruinn.
Téacsleabhar
Calculus (le James Stewart), agus na nótaí a chuirfear
ar líne.
Obair Bhaile
-
Fadhbanna 1 (chun tabhairt isteach 07/10/2011 nó roimhe sin)
-
Fadhbanna 2 (chun tabhairt isteach 21/10/2011 nó roimhe sin)
-
Fadhbanna 3 (chun tabhairt isteach 11/11/2011 nó roimhe sin)
Beidh 12 tascanna obair go léir i Matamaitic sa chéad
bhlian. Timpeall 3% den scór iomlán a bhaineann le gach
ceann acu.
Tá na spriocdhátaí docht. Ní aon seans ann
píosa obair bhaile a thabhairt isteach tar éis an
spriocdháta. Chun deacrachtaí a sheachaint is
maith an rud é obair a thabhairt isteach lá no dhó roimh
an spriocdháta.
Ní foláir teastus dochtúra a bhaineann leis an
tréimhse 72 uair roimh an spriocdháta (nó
comhbhrí) a thaispeáint chun saorú a
fháil ó phíosa obair bhaile.
Breiseolas
Ag na léachtanna.